CAINT IS COMHRA A

13.90

SKU/IBAN 9780714430898 Categories: ,

Description

Is clár nua, páistelárnach agus spraíúil é Caint is Comhrá. Tagann an clár seo go hiomlán le riachtanais Churaclam Nua Teanga na Bunscoile. Tá an-bhéim ar an gcumarsáid agus ar ghnáthchaint an lae sa chlár. Tá na téamaí agus na scéalta oiriúnach do shaol na bpáistí chun iad a spreagadh agus chun úsáid na Gaeilge sa bhaile a chur chun cinn. Tá sé mar phríomhaidhm ag na húdair grá don Ghaeilge a spreagadh sna páistí agus scileanna agus inniúlacht a chruthú iontu ag an am céanna.

  • Tá cúig aonad déag agus trí aonad súil siar i ngach leabhar.
  • Leagtar béim ar an heochairfhocail tríd an gclár ar fad. Múintear iad le hathrá sna scéalta, na comhráite, na rannta, na dánta, na hamhráin is na cluichí.
  • Tacaítear leis na gníomhaíochtaí idirgníomhacha spraíúla leis na pointí foghlama sa chlár. Tá gearrthóga fuaime taifeadta de na dánta, amhráin, foghraíocht, scéalta agus gníomhaíochtaí éagsúla le fáil ar líne.
  • Tá amhráin bhreátha agus úrnua le fáil sa chlár seo.
  • Tá a lán éagsúlachta sna leabhair chun suim na bpáistí a choimeád.
  • Tá Lámhleabhar an Mhúinteora ag dul leis an leabhar seo. Tacaítear le múinteoirí trí phleananna laethúla, coicíse agus bliantúla a chur ar fáil.